Seachtain na Gaeilge 2013
Chéiliúramar SNG an bhliain seo trí cheol, amhráin, rince , dráma agus scannán. Ghlac daltaí ó gach bliain páirt ann agus bhí an am againn go léir. Bhain gach duine taitneamh ár dteanga agus ár gcultúr dúchasach.
Ms Ivers
Bhí ceolchoirm ar siúl inár scoil inné I gcomhair SnG ar an tríú lá déag de Mhárta. Thosaigh sé ar a dó a chlog.
Ar dtús bhí Robert agus Jake ag canadh agus ag seinm an giotáir. Bhí siad ar fheabhas. Ansin chan an Cór amhrán álainn. Tar éis sin rinne mé damhsa gaelach, an Pre-Open Reel agus an Intermediate Single na hainmneacha a bhí orthu. Sheinn Eleanor Danny Boy ar an veidhlín. Thaitin sé go mór liom. Rinne mé damhsa eile ansin, Hornpipe le bróga treble. Ina dhiaidh sin chan mo rang go léir, an dara bliain, ceithre amhráin as Gaeilge. Chan Ms mulligan amhrán, Buachaill ó Éire, linn ansin. Chan Alec amhrán gaelach freisin agus sheinn sé an giotár. Bhí sé an deas.
Chuaigh Muintir Lysaght ar an stáitse ansin agus sheinn siad cúpla port traidisiúnta. Bhí Marc an buachaill is óige ar fheabhas ar fad ar na píoba uilleann. Sheinn Turlough an chláirseach agus bhí se go hálainn.
Ansin chuaigh m’athair féin, an t-Uasal Nelkin ar an stáitse agus chan sé, Mo Chuisle, amhrán an deas. Ina dhiaidh sin rinne Diarmaid ‘rap’ as Gaeilge agus bhí se an ghreannmhar agus an mhaith. Bhí an halla dubh le daoine. Tháinig an bhunscoil agus bhí an t-atmaisféar an bhríomhar. Bhí a lan rí-rá agus ruaille buaille ann. Bhí Ms Conlon ag seinm an piano. Bhí Ms Gordon ar muin na muice. Bhí an la ar fheabhas agus is aoibhinn liom SnG.
Le Jessica Nelkin (an dara bliain)
Cath na mBannaí
Bhí Cath na mBannaí ar siúl sa scoil ar an gceithre lá déag de Mhárta agus bhí se ar fheabhas. Bhí a lán bannaí ag seinm ach an banna ab fhearr liom ná Segrassa, mar nuair a bhí siad ag seinm bhí mo chroí I mo bhéal. Bhí an halla dubh le daoine agus bhí a lán rí –rá agus ruaille buaille ann. Bhí an t-atmaisféar leitreach. Bhí daoine ag canadh in ard a gcinn is a nguth. Fuair mé radharc maith ar an ardán agus bhí mé in aice le mo chairde.
Ag leath am bhí gach duine ag ithe milseán ón Siopa Tuc. Fuair mé paicéad criospaí agus buidéal cóic. Bhí an oíche go hiontach agus chuaigh mé abhaile go déanach. Bhí mé tuirseach traochta agus caite amach. Chodail mé go sámh an oíche sin.
Le Fiona McGuire (an dara bliain)